An Leabhar Craicinn
ISBN: 978-17-8201-027-2
Format: 14.0x21.6cm
Liczba stron: 138
Oprawa: Miękka
Wydanie: 2013 r.
Język: angielski
Dostępność: dostępny
<p>Deirtear go bhfuil litríocht na Gaeilge seachantach i leith cúrsaí craicinn agus nach maith lenár gcuid scríbhneoirí lomchuntas a thabhairt ar an ngrá collaí. Chuaigh Panu Petteri Höglund i mbun pinn leis na líomhaintí seo a bhréagnú scun scan, agus seo é an toradh: ceithre scéal earótacha i nGaeilge shaibhir nádúrtha agus iad suite i saol an lae inniu. -- 'Gormfhlaith': Bhí sí doirte don fhear lách áirithe sin le dhá bhliain anuas agus an chuma ag teacht ar an scéal nach bhfaigheadh sí óna misneach oiread is focal a labhairt leis choíche. Ní mar a shíltear a bhítear áfach. -- 'An Ríomhghrá': Is minic a chastar daoine ar a chéile ar an Idirlíon, agus uaireanta bíonn cleamhnas ann. Cleamhnas rathúil, fiú... -- 'Sadhbh': An cailín cúthail í an t-ábhar óg leabharlannaí i ndáiríre? -- 'Caitríona': Cé acu is fearr léi, grá nó cóisir chraicinn? -- Scríbhneoir agus teangeolaí ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund agus é meáite ar litríocht éadrom a sholáthar do lucht na Gaeilge. Rinne se dianstaidéar ar litríocht agus ar bhéaloideas na nGaeltachtaí go léir leis na héilimh is airde a shásamh ó thaobh fheabhas na teanga agus na stíle. Tháinig altanna leis i gcló ar 'Ghaelscéal', chomh maith le scéalta ar 'An Gael' sna Stáit Aontaithe. Seo an tríú leabhar leis a d'fhoilsigh Evertype.</p>